Den chéad uair riamh tá beirt bhan tofa i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas agus na suíocháin uilig líonta ag an tráth seo.

Agus is í Catherine Connolly an chéad bhean ag seasamh mar Neamhspleách a bhuaigh suíochán ansin.

Bhí iarrthóir Fhianna Fáil agus an t-iar Aire Rialtais Eamon Ó Cuív tofa ar an 9ú comhaireamh i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas ó inné.

Tá Noel Grealish,Neamhspleách atofa freisin.

Noel Grealish atá atofa

Sháraigh Ó Cuív an cuóta le beagnach 400 vóta.

D'éirigh le beirt ó Fhine Gael ansin, Sean Kyne agus Hildegarde Naughton suíocháin a bhuachan.

Agus tar éis a crá croí an uair dheiridh i 2011 bhuaigh Catherine Connolly,Neamhspleách suíochán.

Catherine Connolly tofa i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas

Ainneoin gur throid sé go tréan níor éirigh le Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin.

Tá a shuíochán caillte ag Derek Nolan, Lucht Oibre.

Agus chaill John O'Mahony,FG amach freisin, fear a raibh suíochán aige i sean dháilcheantar Mhaigh Eo ó 2011.