Tá corp triúr turasóirí de chuid na Breataine faighte ag na poilíní i Vítneam gar g’eas sna garbhchríocha i lár na tire. Is ceantar é a bhfuil mór-ráchairt air i measc turasóirí.

Fear amháin agus beirt bhan a bhí sna mairbh, agus aimsíodh a gcorp taobh amuigh de Dalat. Is cathair í sin ina bhfuil go leor sléibhte agus téann na céadta mílte turasóir ann gach bliain leis na lochanna agus na heasanna a fheiceáil.

Ní fios go fóill céard go díreach a ba chúis lena mbás.

“Táimid ag fiosrú fé láthair cén fáth a bhfuair siad bás”, a dúirt leas-cheannasaí na bpoilíní in Dalat, Bui Duc Ro, leis na meáin.

De réir na meán náisiúnta sa tír, 25 agus 19 bliain d’aois a bhí na mná, ach níor deimhníodh cé a bhí iontu.

Tuairiscítear go raibh seicéid tarrthála á gcaitheamh ag an triúr nuair a tháinig na seirbhísí éigeandál orthu.