Cuireadh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus ceannaire Fhine Gael, An Taoiseach Enda Kenny faoi agallamh inniu don chlár Vóta 2016 a craoladh ar TG4 anocht.

Craoladh agallaimh freisin le hAodhán Ó Ríordáin agus Pearse Doherty.

Bhí Aodhán Ó Ríordáin ansin thar ceann An Lucht Oibre agus Pearse Doherty thar ceann Shinn Féin.

Bhí na hagallaimh ar fad réamhthaifeadta.

Ceistíodh na ceannairí agus na hurlabhraithe páirtí faoina bpolasaithe eacnamaíochta, sláinte, Gaeltachta agus roghanna comhrialtais.

Thug Enda Kenny gealltanas go méadódh sé an soláthar oibrithe sa státchóras a bheadh ábalta a ndualgais a chomhlíonadh go dátheangach.

An Taoiseach agus ceannaire Fhine Gael Enda Kenny

Go dtí 20% a dúirt sé má bhíonn Fine Gael ar ais i gcumhacht.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur chuir seisean mar Aire Sláinte bun láidir faoin straitéis sláinte croí agus ailse.

Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin

Dúirt sé go bhfuil plean ag an chomhrialtas faoi stiúradh Fhine Gael "ach nach bhfuil barúil acu faoin é chur i bhfeidhm".

D'admhaigh An tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin gur cúis náire géarchéím na leapacha sna hospidéil ach chosain sé polasaí sláinte an chomhrialtais maidir le hionaid cúram príobhúil agus cúram do pháistí faoi 6 bliana.

Aodhán Ó Ríordáin, ionadaí ón Lucht Oibre

Dúirt Pearse Doherty ag bhfuil an craiceann is a luach de dhíth ar an chomhrialtais atá ag iarraidh a dúirt sé "€4 bn. a bhaint as an eacnamaíócht ach atá ag súil nach mbeidh seirbhísí riachtanacha thíos leis."   

Pearse Doherty, ionadaí ó Shinn Féin

Fiafraíodh den cheathrar an bhfuil árachas sláinte príobháideach acu.

Dúirt an Taoiseach agus Micheál Martin go bhfuil agus dúirt Aodhán Ó Riordáin agus Pearse Doherty nach bhfuil a leithéid acu.