Tá an comhlacht déanta eitleán, Bombardier le os cionn 1,000 duine a ligean ar siúl i mBéal Feiriste.

As seo go ceann 2 bhliain a scaoilfear leis na hoibrithe.

Tá sé i gceist ag Bombardier 580 post a sceitheadh i mbliana.

Bhagair an comhlacht seo ó Chaenada go bhféadfadh sé go gcaillfí 500 post eile i 2017.

Deir Bombardier nach bhfuil an dara rogha aige ach scaoileadh le fostaithe a bhuíochas don bhealach a bhfuil cúrsaí san earnáil sin go hidirnáisiúnta faoi láthair.

Deir sé freisin go bhfuil 7,000 fostaí le scaoileadh chun siúil aige idir a mhonarchana ar fad ar fud an domhain.

Breis is 5,000 duine atá fostaithe ag Bombardier i mBéal Feirste.