Tá an comhlacht cógasaíochta as Meiriceá MSD ag gealladh 200 post nua roimh dheireadh na bliana ag 3 ionad atá acu ar fud na tíre.

Earcófar daoine le dhul i mbun innealtóireachta, soláthair agus tráchtála.

Cruthófar 110 post i gCeatharlach san ionad vaicsíní atá ag MSD, an t-aon cheann dá leithéid ag an gcomhlacht taobh amuigh de Mheiriceá.

Beidh 50 post nua i gCorcaigh agus 40 san ionad Taighde & Forbartha i mBaile Uí Dhiana i dTiobraid Árann.

2,000 duine atá fostaithe faoi láthair ag MSD in 5 mhonarcha.