Tá 50 post nua fógartha ag an gcomhlacht teicneolaíochta Aspirea. 

Comhlacht teicneolaíocht faisnéise atá ann. Cruthófar na postanna as seo go ceann bliain go leith. 

Beidh formhór na bpostanna lonnaithe i gCorcaigh agus beidh an chuid eile acu lonnaithe i mBleá Cliath. 

Ar an lámh eile tá an comhlacht árachais AXA tar éis a d'fhógairt inniu go gcaillfear suas le 100 post i mBleá Cliath mar go bhfuil na postanna á mbogadh go Doire Cholmchille.

Ní fios go fóill an mbeidh deis athlonnaithe ag fostaithe ó Bhleá Cliath go Doire.