Ní bheidh an Ceann Comhairle, Seán Barrett, ag d'iarraidh go dtoghfaí ina Cheann Chomhairle arís é tar éis an olltoghacháin. 

Tá suíochán Dála an Chinn Chomhairle sa chéad dáil eile slán mar ná bíonn orthu dul san iomaíocht sa toghchán.

Dúirt sé go raibh a aigne déanta suas aige ná beadh sé ag cur a ainm chun cinn an chéad bhabhta eile agus go dteastaíonn uaidh a bheith gníomhach i gcúrsaí polaitíochta arís.