Tá tionscail bunaithe i mBéal Feirste chun ardán úr a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge an teanga a úsáid le linn a lae oibre.

Tá lón gnó á reachtáil don chéad uair i gcroílár na cathrach le deis a thabhairt do ghaeilgeoirí teacht le chéile.

Seo tionscail a bhunaigh Croí Éanna, eagraíocht Gaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Bíonn an imeacht seo ar siúl i mbialann Havana ar Chearnóg an Bhainc in aice ionad siopadóireachta agus Teach Pobail Naomh Muire.