"Caithfear córas a bhunú sa tír seo le cuidiú le feirmeoirí beaga atá a mbánú ag rialach de chuid an stáit", a dúirt Breandán Seoighe ó Chumann Feirmeoirí Sléibhe agus Natura na hÉireann.

"Caitheann daoine i gceantar Chonamara suas le €5,000 a íoc anois ar cheadúnas pleanála le fál sreinge a chur ar thalamh atá ag síneadh leis an mbóthar", a dúirt sé.

"Níor mhór na heagraíochtaí uilig a bhfuil baint acu le gnóthaí caomhnaithe agus le gnóthaí pleanála a thabhairt le chéile agus socruithe ciallmhara a dhéanamh faoina dindiúirí seo", a dúirt an Seoigeach ar an gclár Adhmhaidin inniu.