Tá 7 mbliana go leith príosúnachta gearrtha sa gCúirt Chuarda Choiriúil i Sligeach ar fhear 43 bliain d'aois faoi mheaisín bainc a ghoid in Eanáir 2014.

Ba i mbrainse de Bhanc na hÉireann i dTobar an Choire i gContae Shligigh a rinneadh an choir.

Bhí pléadáilte neamhchiontach ag Bernard Quigley, a bhfuil seoladh aige i nDroim Finn, Co.Shligigh.

Ach tar éis na trialach seo a mhair 17 lá chiontaigh an giúiré Bernard Quigley.

Cuireadh 2 bhliain den phianbhreith ar fionraí.

Is i Lúnasa 2014 a chuirfear tús lena théarma príosúnachta.