Tá an Comhairleoir Norma Moriarty, atá ina h-iarrthóir olltoghcháin ag Fianna Fáil i gCiarraí, tar éis moltaí an Aire Stáit Simon Harris a cháineadh.

Faoina moltaí deirtear gur cheart córas na gceadúnas do bhádóirí amach go Sceilig Mhíchíl a athrú.

Tá Simon Harris, a bhfuil cúram Bhord na n-Oibreacha Poiblí air, ag moladh gur cheart scéim nua ceadúnais a chur i bhfeidhm sa tslí is go mbeadh sí oscailte le húsáid ag aon uinéir báid le paisinéirí a iompar chuig oileán Sceilig Mhíchíl amach ó chósta Cho.Chiarraí.