Tá 160 post nua geallta ag cuideachtaí i dteicneolaíocht na faisnéise.

Tá 2 chuideachta i nGaillimh, Ice Cube agus Tech Support, ag teacht le chéile. Ta borradh beartaithe acu agus súil acu 100 duine sa mbreis a fhostú as seo go ceann 3 bliana.

I gcathair Chorcaí tá Hortonworks as California ag earcú 50 duine in oifigí nua.

Agus i gCarraig Thuathail tá dúbailt fostaithe fógartha ag an gcuideachta áitiúil Fortuity. Méadóidh an fhoireann ó 20 go 10.