Tá súil ag an gcomhlacht comhairleoireachta idirnáisiúnta, Accenture cur lena líon fostaithe in Éireann i mbliana. Tá an comhlacht le 250 fostaí nua a earcú - forbróirí bogearraí, eolaithe faisnéise agus saineolaithe fógraíochta arlíne ina measc. 

Tagann an fhógra seo mar bharr ar 200 post a earcaíodh ó Mheán Fómhair seo caite i leith.

Dúirt úrlabhraí an chomhlachta, Alastair Blair go raibh na fostaithe úra á lorg le dul i ngleic le méadú ar ghnó agus ar fheabhasú geilleagair na tíre le míonna beaga anuas.