Beidh cruinniú ag an Taoiseach Enda Kenny le Príomh-Aire na Breataine David Cameron i Sráid Downing i Londain Dé Luain seo chugainn maidir leis an idirbheartaíocht atá ar bun idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil an tír seo i bhfabhar go láidir go bhfanfadh an Bhreatain ina cuid lárnach den Aontas Eorpach.
Ag labhairt dó ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda i Davos san Eilvéis, dúirt an Taoiseach go bhfuil cuid de na hábhair atá á bplé ansin casta go maith.
Bhí sé le labhairt le linn díospóireachta faoi eacnamaíocht na cruinne ag an bhFóram inniu.
Bhí cruinnithe le bheith aige freisin le feidhmeannaigh shinsearacha ó na comhlachtaí móra idirnáisiúnta - Google, Microsoft agus Facebook.