D'fhógair Cumann na nAltraí agus Bancabhrach na hÉireann (INMO) go bhfuil an stailc a bhí beartaithe aige don Déardaoin seo chugainn curtha siar anois.

Shocraigh Comhairle Feidhmiúcháin an INMO glacadh le sraith moltaí inniu.

Moltaí iad seo a socraíodh i ndiaidh don INMO agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) 19 uair a'chloig a chaitheamh i mbun idirbheartaíochta i rith an deireadh seachtaine.

Bhí an 14ú Eanáir socraithe ag an INMO don stailc seo i 7 n-ospidéal ar fud na tíre.

Easpa fóirne agus ró-phlódú sna hAonaid Timpistí agus Éigeandála faoi ndear an t-aighneas seo.

An tseachtain seo caite, dhiúltaigh altraí sna haonaid do mholtaí eile a chur an HSE faoina mbráid.