Tá 2 chomhlacht éagsúla i mBaile Átha Luain agus i nGaillimh le 265 post a chruthú.

An comhlacht Phenox i nGaillimh agus DPD Ireland in Áth Luain atá i gceist.

Cruthóidh an comhlacht leighis Gearmánach Phenox 65 post in ionad nua déantúsaíochta i nGaillimh. 

I gCathair na Gaillimhe freisin, d'oscail an comhlacht leighis Medtronic ionad déantúsaíochta nua.

Tá 2,000 duine fostaithe acu cheana féin ansin.

Agus i mBaile Átha Luain tá an comhlacht seachadta DPD Ireland ag déanamh forbairt ar a n-ionad ansin. 

 Tá siad ag súil 200 post a chruthú.

 Is mar thoradh ar an ngéilleagar a bheith ag feabhsú a dúirt an comhlacht atá an fhorbairt seo ar bun.