Tá an mion-díoltóir breosla is mó in Éirinn, Topaz a bhí faoi cheannas an fhir ghnó Denis O'Brien, tógtha ar lámh ag comhlacht as Ceanada - Alimentation Couche Tard.

Tá comhaontú sínithe ag an dá chomhlacht ina mbeidh an comhlacht Alimentation Couche-Tard in ann seilbh a ghlacadh ar ghrúpa fuinnimh Topaz chomh maith le comhlachtaí atá ceangailte leis, Resource Property Investment Fund agus Esso Ireland. 

Ní fios cén luach atá bainteach leis an margadh atá déanta, ach ceaptar go mbeidh an margadh déanta san Earrach. 

Tá na comhlachtaí ola Statoil agus Shell glactha ar lámh ag Topaz  le tamall anuas agus ghlacadar Esso ar lámh le cúpla seachtain anuas.

Tá 2,000 duine fostaithe ag Topaz sa tír seo agus tá 464 stáisiún sa tír.