Tá Gardaí tosaithe ar scrúdú a dhéanamh faoin gcaoi a tháinig eolas maidir le fiosrúchán ar iar-aire rialtais faoi mhí-úsáid chun an phobail, agus tá príomhcheannfort ceaptha chun an scrúdú seo a chur i gcrích.

Dheimhnigh Ceanncheathú an Gharda go bhfuil na cúinsí ar fad a bhain le tabhairt ar láimh an eolais faoi fhiosrúchán xoiriúil reatha á scrúdú. Deir an Garda Síochána nach fiosrúchán inmheánach amháin atá anseo, agus go ndéanfar scrúdú ar fhoinsí eile a bhí in acmhainn eolas a sceitheadh: oifigigh  sa Roinn Dlí is Cirt, ionadaithe dlí agus daoine a líomhnaítear a d'fhulaing mí-úsáid.

Seo é an triú fiosrúchán dá leithéid faoi eolas a nochtadh do na meáin atá ordaithe ag an gCoimisinéir Noirín O'Sullivan.Baineann an dá cheann eile le hagóid in adhaigh tháillí uisce anuraidh agus le gabháíl agus ceistiú Gharda sinsearach.

Idir an dá linn, tá sé deimhnithe ag Fianna Fáil go bhfuil an t-iar-aire Pat Carey ag éirí as bheith ina Stiúrthóir Toghchán ag an bpáirtí san olltoghchán atá amach romhainn.

Tar éis tuairiscí sna meáin go bhfuil fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi líomhaintí mí-úsáide in aghaidh iar-aire rialtais, d'eisigh dlíodóir Pat Carey ráiteas do RTÉ aréir ag séanadh go hiomlán gur bhain aon iompar míchuí leis.

Bean a rinne na liamhaintí, agus baineann siad leis na 1980aí.

Deir Pat Carey nach eol dó fós an mbaineann na liamhaintí mí-úsáide a tuairiscíodh leis féin. Dúirt sé go raibh iriseoirí i dteagmháil leis faoi na liamhaintí cé nach bhfuil aon eolas aige féin ina leith.

Bhí sé trína chéile, a dúirt sé, fáil amach faoi na liamhaintí seo ó scéal ar an gcéad leathanach de nuachtán náisiúnta. Údar imní dó freisin, a dúirt sé, é go bhfuil caint áírithe á lua le Gardaí in altanna sna meáin le 24 uair anuas.

Dúirt Pat Carey gur ar mhaithe leis an dea-obair atá ar bun ag na heagraíochtaí a bhfuil sé gafa leo, go bhfuil sé ag éirí as a gcúraimí éagsúla leo. Ina measc  sin tá cathaoirleacht ar  Chumann na Croise Deirge agus Stiúrthóir Toghchán Fhianna Fáil.

Dheimhnigh Fianna Fáil aréir go raibh cinneadh Pat Carey éirí as an bpáirtí agus as bheith ina Stiúrthóir Toghchán curtha in iúl dóibh.