I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe inniu fuarthas fear de bhunadh Ros Muc sa Chontae ciontach as a chara a shá sa mhuineál le buidéal briste.

Gearrfar píonós air i mí Feabhra.

Throid Peadar Macken, 62 bliain d'aois, a chás go dtí an Chúirt Uachtarach anuraidh.

Bhí sé ag iarraidh go gcuirfí giúiré dátheangach ar fáil le go bhféadfadh sé é féin a chosaint i nGaeilge gan baill an ghiúire a bheith i dtuilleamaí ateangaire.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach ina aghaidh le móramh ceathrar le haon.

I ndiaidh na trialach seo a mhair 2 lá, chinn an giúiré go raibh Peadar Macken ciontach as ionsaí a dhéanamh ar Mháirtín Whelan i Leitir Móir i gCo. na Gaillimhe i mBealtaine 2008.