Tá mí-úsáid mhór á baint as lucht oibre de bhunú na hAfraice agus na hÁise ar thrálaeir áirithe as Éirinn de réir fiosrúchán nua.

Nuachtán an Guardian a rinne an fiosrúchán.

Bliain a chaith sé ag fiosrú i gcalafoirt na tíre,  ó Ghaillimh ó dheas go Corcaigh.

Tá daoine gan stádas as Ghana, an Éigipt, an India agus na hOileáin Fhilipíneacha ag obair ar bháid sa tionscail clochán agus breac geal.

Deir na hoibrithe go séantar cead i dtír go rialta dhóibh agus nach n-íoctar leo ach leath an mheánphá náisiúnta.

Coinnítear tréimhsí fada gan codladh iad a líomhnaítear agus gan aon lá scíthe.

Deir cuid acu gur cuireadh dallamullóg orthu agus gur lucht gáinneála a chuir ar na trálaeir iad.