Tá dhá chomhlacht teicneolaíochta le os cionn 150 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath.

Cruthóidh an comhlacht earcaíochta ar líne 'Glassdoor' 100 post nua.

Tá an comhlacht seo lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Bunaíodh Glassdoor sa mbliain 2007 agus tá ceannceathrú na comhlachta i gCalifornia.

Baineann daoine leas an an suíomh gréasáin le cuidiú leo postanna a aimsiú agus le sonraí fháil faoi fhostóirí agus earcaíocht.

34 milliún duine atá cláraithe i 190 tír ar fud na cruinne leis an suíomh gréasáin Glassdoor.

Tá sé i gceist acu ceannceathrú nua san Eoraip a oscailt i mBaile Átha Cliath i Mí Eanáir.

Agus tá an comhlacht Currency Fair le 50 post nua a chruthú as seo go ceann bliana.

Tá 80 duine fostaithe ag an gcomhlacht i Raghnallach i mBaile Átha Cliath cheana féin. Beidh lucht na comhlachta ag bogadh isteach in oifigí nua i nDroichead na Dothra go luath.