Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Nóirín O'Sullivan nach fíor a rá - agus go deimhin go bhfuil sé maslach a rá - go dtugann na Gardaí neamhaird ar ghníomhaíochtaí an IRA Shealadaigh nó aon dream atá bainteach leo.

Tá sé fíordheacair, a dúirt an Coimisinéir, measúnú a dhéanamh ar an IRA Sealadach ó tharla go bhfuil baill den eagraíocht sin i ngluaiseacht mhór a n-áirítear Sinn Féin ann.

I dtuarascáil a foilsíodh inné, thug na Gardaí le fios go bhfuil líon suntasach iarbhall den IRA Sealadach bainteach le grúpaí easaontóirí agus go bhfuil iarbhaill eile páirteach i gcoiriúlacht ar mhaithe leo féin. 

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Dúirt Frances Fitzgerald nár mhór do Shinn Féin aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo. 

Dúirt Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams nach bhfuil a leithéid de rud ann agus comhairle airm an IRA atá ag stiúradh clár oibre polaitíochta an pháirtí.