Deir na Gardaí go bhfuil líon suntasach iarbhall den IRA Sealadach bainteach le grúpaí easaontóirí agus go bhfuil iarbhaill eile páirteach i gcoiriúlacht ar mhaithe leo féin. 

D'fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald measúnú na nGardaí ar an IRA Sealadach tráthnóna. Deirtear sa tuarascáil gur ón IRA Sealadach a d'eascair na grúpaí easaontóirí sin an chéad lá. Deirtear ann chomh maith go mbaineann na heasaontóirí leas i gcónaí as an gclú a ghnóthaigh siad agus iad sna Sealadaigh. 

Dar leis na Gardaí freisin go mbíonn na Sealadaigh agus na heasaontóirí ag ionsaí a chéile de bharr an aighnis eatarthu. 

Deir siad nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil comhairle airm an IRA Shealadaigh ag feidhmiú sa Phoblacht ach go dtagann daoine atá bainteach leis le chéile. Deir siad go bhfuil ceannasaíocht na Sealadach tiomanta don tsíocháin.