Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys le moladh a chur faoi bhráid an Rialtais an riail 30 bliain a bhaineann le scaoileadh cáipéisí Stáit a laghdú go 20 bliain.

Tá beartas mar seo curtha i bhfeidhm ag an mBreatain cheana féin. Creideann an tAire Humphreys nach dtabharfaí léargas iomlán ar an gcaidreamh idir an tír seo agus an Bhreatain mura laghdófaí téarma ama na rialach.  

Má ghlactar leis an moladh, meastar go gcuirfear feidhm leis ag deireadh 2016