Tá an comhlacht cógaisíochta, Regeneron, le 200 post a chruthú i Luimneach.

Tá 300 duine fostaithe cheana fhéin ag an gcomhlacht ag a ionad táirgíochta ansin.

Infheistíocht de $350m atá i gceist.

D'oscail Regeneron an t-ionad atá aige i Ráithín i Luimneach anuraidh.

Is é an t-aon ionad táirgíochta atá aige taobh amuigh de na Stáit Aontaithe.

Tá an t-ionad i mbun obair thaighde agus táirgíonn sé drugaí do ghalair súl a easportáiltear ar fud an domhain.