Dúradh leis an ngiúiré sa Phríomh-Chúirt Choiriúil ag triail beirte atá cúisithe i bhfear 63 bliain d'aois a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath gur dúnmharaíodh é le robáil a cheilt.

Maraíodh Thomas Horan ina theach cónaithe sa Rinn i ndeisceart na cathrach i mí Eanáir na bliana seo caite. 

Tá Kenneth Cummins, 28 bliain d'aois, agus a dheirfiúr, Sabrina Cummnis, 37 bliain, as Páirc na Rinne ag pleadáil neamhchiontach sa dúnmharú.

Dúradh inniu gur chinn Kenneth Cummins gan a bheith i láthair sa chúirt le linn a thrialach. Dúirt an Breitheamh gur dá dheoin féin a rinne an cúisí an cinneadh sin agus nach raibh fáth ar bith nach gceadófaí sin dó. 

Dúradh sa chúirt inniu freisin gur bascadh Thomas Horan go dona, gur cuireadh crios timpeall a mhuiníl, gur cuireadh mála thar a cheann agus go ndearnadh iarracht é a nimhiú le ceimiceán leachtach. 

Meastar go mairfidh an triail suas le cúig seachtaine.