Rialaíodh i gcúirt dúiche i gCo Mhaigh Eo inniu gur féidir físeáin a taifeadadh i ngan fhios a úsáid mar fhíanaise i dtrial seisear atá cúisithe i mí-úsáid i dteach altranais ansin.

Cheadaigh an Breitheamh Mary Devins na físeáin cé gur cheistigh lucht cosanta na ndaoine atá cúisithe dlíthiúlacht na bhfíseáin a úsáid le linn trialach.

Ba fostaithe de chuid RTÉ a thóg na físeáin, faoi cheilt le linn dóibh ligean orthu féin go raibh siad ag obair san ionad altramais do dhaoine faoi mhíchumas. 

Craoladh an clar "Bungalow 3" ar RTÉ anuraidh agus cuireadh an dlí ar chuid de na fostaithe de bharr na fianaise a bhí ar taifead.