Vótáil altraí in aonad timpistí agus éigeandála Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath le móramh mór i bhfabhar ghníomhaíocht thionsclaíoch mar gheall ar róplódú othar ansin, a deir siad.

Tá Ospidéal Naomh Uinseann ar cheann de na hospidéil ghéarchúraim is mó sa tír. 

Tá sé beartaithe ag na haltraí léirsiú ag an ospidéál ag am lóin Dé Luain seo chugainn agus tosú ag obair de réir rialach ar an Máirt. 

Dúirt urlabhraí ón ospidéal go bhfuil díomá air faoi chinneadh na n-altraí. Dúirt sé go mbaineann na dúshláin maidir le heaspa leapacha san ospidéal le hospidéil uile na tíre.

Dúirt urlabhraí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go bhfuil frustrachas ar altraí nach bhfuil bainistíocht an ospidéil ag dul i ngleic leis na dúshláin sin. Mhaígh sé go bhfuil sábháilteacht othar i mbaol de bharr na géarchéime.