D'fhógair Cumann na Meánmhúinteoirí (ASTI) inniu go bhfuil sé le h-aighneas tionsclaíoch a mholadh dá chuid ball  faoina leasuithe atá molta ar an Teastas Sóisearach.

Fógraíodh seo i ndiaidh chruinniú Ard-Bhainistíochta an Chumainn tráthnóna.

38% de na baill a vótáil in aghaidh mholtaí na Roinne Oideachais ar an Teastas.

Vótáil 55% díobh sin in aghaidh na moltaí.

Dúirt Uachtarán an ASTI Máire G. Ní Chiarba go ngabhfaidh an ceardchumann i mbun cainteanna leis na baill faoi aon ábhar imní atá acu.

Is é an ASTI an dara ceardchumann múinteoirí is mó sa tír.

Tá 18,000 ball aige.

Ag labhairt di i Luimneach inniu dúirt an tAire Oideachais Jan O'Sullivan gur ábhar díomá an toradh.

Dúirt sí áfach go raibh súil aici i gcónaí go n-aimseodh an ASTI bealach le hathruithe nua an Teastais Shóisearaigh a chur i bhfeidhm.

Tá sé i gceist sna moltaí seo go ndéanfadh na múinteoirí féin cuid den mheasúnú ar a ndaltaí i dtaca leis an scrúdú stáit.

Ghlac ceardchumann eile, Aontas Múinteoirí Éireann, (TUI) leis na leasuithe seo ón Roinn Oideachais.