Bhí Paul Carney ina bhreitheamh ar go leor trialacha coiriúla go raibh trácht mór orthu le roinnt blianta anuas - trialacha Wayne O' Donoghue agus na deirféaracha Mulhall ina measc.Bhí sé ina Uachtarán ar an bPríomh-Chúirt Choiriúil. 

Tharraing sé conspóid nuair a chuir sé ar fionraí - an chuid is mó den dtéarma a ghearr sé ar an gciontóir gnéis Patrick O'Brien i 2013.

Dúirt Uachtarán na hArd-Chúirte, Nicholas Kearns go raibh ard-mheas ag a chomhghleacaithe dlí ar an mBreitheamh Carney.