B'éigean breis agus milliún duine a gcuid tithe a thréigeann sa tSile aréir mar gheall ar chrith talún i lár na tíre. Maraíodh 8 ar a laghad mar thoradh ar an gcrith talún.

Maraíodh 8 ar a laghad mar thoradh ar an gcrith talún.

Dúirt na húdaráis go raibh neart 8.3 ar an scála richter leis an gcrith talún.

Theith daoine amach sna sráideanna in Illapel agus i mbailte eile. Tháinig maidhmeanna 15 troigh ar airde i dtír leis an súnámaí a tháinig ina dhiaidh.

Cuid den damáiste atá déanta ag an gcrith talún sa tSile

Tá damáiste mór déanta do chalafort Coquimbo ó thuaidh do Santiago.

Dúirt Uachtarán na tíre Michelle Bachelet go bhfuil sí le cuairt a thabhairt ar na háiteanna is measa atá buailte ag an gcrith talún.