Táthar ag cur tús arís inniu leis an scannánaíocht don scannán Star Wars ar Sceilg Mhichíl ar chósta Chiarraí. Cuireadh an scannánaíocht ar athló inné de bharr na droch aimsire.

Tá daoine curtha i dtír  ar Sceilg Mhichíl agus tuairiscítear go bhfuil suas le 100  duine uilig i gceist, criú scannánaíochta  agus aisteoirí ina measc. Meastar go leanfaidh an scannaíocht ar Sceilg Mhichíl as seo go deire na seachtaine.

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys cead do Disney Lucasfilm an tseachtain seo caite filleadh ar Sceilig Mhichíl le dul i mbun scannánaíochta.

Tá cead tugtha ag Heather Humphreys  don chomhlacht scannán filleadh ar an gcarraig ar feadh trí lá don dara huair le breis is bliain.

Bhí siad ag taifeadadh ar an láthair dhomhanda oidhreachta seo i mí Lúnasa anuraidh agus bhí suas le 70 duine fostaithe lena linn. 

Sceilg Mhichíl 

Is láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO an suíomh agus bhí An Taisce ag cur in aghaidh aon scannánaíocht sa gceantar ar fhaitíos go gcuirfí as go chúrsaí timpeallachta.

Dúirt an tAire Heather Humphreys go gcaithfear cothromaíocht a bhaint amach idir an t-oileán a chur ar fáil do cheann de na stiúideonna scannán is mó sa domhan agus ag am chéanna an t-oileán agus a bhfuil ann a chosaint i dtaca leis an timpeallacht de. Dúirt sí go bhfuil sé cinn déag de choinníollacha curtha leis an chead don obair ar an oileán le seo a chinntiú.

I measc na gcoinníollacha sin, beidh saineolaithe éiceolaíochta i láthair le linn na scannánaíochta agus tá cead tugtha dóibh an obair a stopadh má shíleann siad ag am ar bith go bhfuil damáiste á dhéanamh don charraig.

I measc na gcoinníollacha eile tá an tréimhse scannánaíochta féin don mhí seo, mar go bhfuil tá an t-oileán fágtha ag éanacha áiriithe a rinne nead agus a thug a n-ál ar an saol.

Dúirt An Taisce le gairid go raibh sé tábhachtach fios a fháil cén úsáid a bhainfeadh an lucht scannán as an oileán agus cad iad na pleananna a bhí acu lena chinntiú nach ndéanfaí damáiste fisiciúil don oileán agus don tseandálaíocht atá air.

Chuir Bord Scannán na hÉireann fáilte roimh an chead a bheith tugtha don comhlacht chuig Sceilg Mhichíl. Dúirt siad gur deis atá ann íomhánna áille den tír seo a thaispeáint don domhan rud a chuirfidh go mór le leas na heacnamaíochta.