Ghabh bleachtairí de chuid an PSNI atá i mbun fiosruithe faoi dhúnmharú Kevin McGuigan triúr fear i mBéal Feirste ar maidin.

Tuigtear go bhfuil Bobby Storey, Cathaoirleach Shinn Féin sa Tuaisceart ar dhuine do na daoine a gabhadh. 

Go dtí seo, gabhadh agus ceistíodh 13 duine ar fad maidir leis an bhfiosrúchán, ach níl aon chúis curtha i leith aon duine acu.

Lámhachadh agus dúnmharaíodh Kevin McGuigan, iar-bhall den IRA ag a theach i mBéal Feirste an mhí seo caite.

Athair naonúr clainne, 53 bliain d'aois a bhí ann.