Ghabh póilíní na Tuirce ceathrar as an tSiria agus iad faoi amhras gur smuigleáil siad teifigh ón Tuirc go hoileán Dogan na Gréige ar bhád a chuaigh go grinneall agus as ar báthadh 12, leanbh óg ina measc.
Gabhadh an 4, caiptín an bháid ina measc aréir agus táthar á gceistiú ar oileán Dogan faoi láthair.
Thuairiscigh nuachtán i gCeanada go raibh clann an bhuachalla linbh, ag iarraidh Ceanada a bhaint amach i ndiaidh dóibh cathair Kobani a fhágaint de bharr na cogaíochta ann.
Labhair gaol an teaghlaigh, atá lonnaithe i gCeanada leis an nuachtán á rá go raibh iarrachtaí thréanna déanta ag an gclann an Tuirc a bhaint amach sular tharla an tubaist inar báthadh a mac Aylan Kurdi.
Tá íomhánna a choirp marbh ar an dtrá i mBodrum feicthe morthimpeall an domhain agus tar éis aird a tharraingt ar ghéarchéim na dteifeach.
Báthadh a mháthair Rehan, 35 agus a dheartháir Galip, 5 sa tubaist céanna. Fritheadh athair na leanaí, Abdullah Kurdi gan aithne, gan urlabhra ar an trá. Tugadh ag an ospidéal in Bodrum é dar leis an nuachtán Sabah.
-----------------------------------------------------------------------------------------------------
FOLÁIREAMH: Íomhánna goilliúnacha ar lean - ná féach tharais seo má ghoilleann a leithéid ort.
-----------------------------------------------------------------------------------------------------

Corp marbh Aylan Kurdi, 3 - íomhá a chuaigh i bhfeidhm ar an domhan

Póilín le Aylan ina bhaclainn

Sampla den clúdach meáin a fuair na híomhánna uafáis inniu