Dúirt an grúpa monatóireachta, atá lonnaithe sa tSiria gur phléasc an grúpa a thugann Stát Ioslamach orthu féin, an teampall atá áirithe i measc na seoid is mó cáil i gcathair ársa Palmyra.

Dúirt Mohamed Hassan al-Homsi, gníomhaí as Palmyra gur milleadh Teampall Bel, seachtain i ndiaidh do IS teampall eile, Baal Shamin a scriosadh.

Ba seo an an teampall ba thábhachtaí do mhuintir na Siria agus do thurasóirí araon a dúirt Al-Homsi agus an baol anois ann go scriosfar na teampaill eile agus Caisleán Palmyra.