Deir Áisíneacht Teifeach na Náisiún Aontaithe go bhfuil 200 duine ar a laghad básaithe anois sa Mheánmhuir agus iad ag iarraidh an fharraige sin a thrasnú inné.

B'amhlaidh a d'iompaigh 2 bhád a raibh an iomarca daoine ar bord orthu béal fúthu.

Amach ó chósta na Libia a tharla an tragóid.

Tá 100 corp tugtha i dtír go dtí seo.

D'éirigh le garda cósta na Libia 20 duine a tharrtháil.

Tuigtear go raibh saoránaigh ón tSiria, ón mBanglaidéis, agus ó thíortha eile san Afraic ar bord na mbád.

Deir na Náisiúin Aontaithe gur éirigh le 300,000 teifeach a mbealach a dhéanamh trasna na Meánmhara go dtí seo i mbliana, sin 81,000 sa bhreis ar fhigiúir na bliana anuraidh ar fad.

Deir sé freisin gur báthadh 2,500 duine san iarracht i gcomparáid le 3,500 duine anuraidh.