Dúirt Aireacht Intíre na hOstaire go dtángthas ar bhreis is 70 corp dreoite i leoraí a fuarthas tréigthe lámh le teorainn na hUngáire inné.

Dhearbhaigh póilíní na hOstaire gurbh amhlaidh a plúchadh iad.

Creideann na húdaráis gur grúpa a bhí ag déanamh gáinneáil ar dhaoine ba chúis leis an tubaiste.

Tá roinnt daoine san Ungáir gafa maidir leis an bhfiosrúchán.

59 fear, ochtar ban agus ceathrar páistí a bhí i gcúl an leoraí, cailín beag bliain d'aois ina measc.

Deir na húdaráis san Ostair gur léir ó cháipéisí taistil a fuarthas go mba as an tSiria iad.

Meastar gur grúpa a bhíonn ag gáinneáil daoine, ag feidhmiú as an Ungáir agus as an mBulgáir a thug isteach san Ostair iad.

Tá póilíní den tuairim láidir go raibh na teifigh básaithe ó mhaidin Dé Máirt.

Tá ceathrar gafa san Ungáir faoin gcás. 

Bhí an leoraí páirceáilte ar thaobh an bhóthair gan don bhaile Parndorf.