Cuirfear dráma nua ar stáitse anocht i mBaile Átha Cliath atá bunaithe ar chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí. 

Sé Jack Harte a scríobh an dráma seo dar teideal 'Language of the Mute'.

Léirítear ann nach raibh na Gardaí ag iarraidh an dlí a chur ar phríomhcharachtar an dráma atá bunaithe ar Ó Lubhlaí ó tharla gur brathadóir é san IRA.

Ficsean atá sa dráma féin.

Ba tuairiscí ar Nuacht TG4 i 2013 faoin mhí-úsáid gnéis a deirtear a rinne Domhnaill Ó Lubhlaí ar bhuachaillí óga a spreag an t-údár leis an dráma a scríobh.

Bhásaigh Ó Lubhlaí i Márta 2013.