Tá 100 post nua le cruthú ag ionad nua táirgíochta de chuid Ballymaguire Foods i Lusca i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Meastar go gcuirfidh an fiontar €4 mhilliún sa mbliain leis an ngeilleagar áitiúil.

Tá 150 fostaithe ag Ballymaguire i Lusca faoi láthair. Is iad an táirgeoir is mó sa tír ag cur béilithe réitithe fuaraithe ar fáil do shiopaí.

Beidh 100 fostaithe freisin ar feadh 9 mí ag tógáil an ionaid.

Táthar ag súil go mbeidh an mhonarcha nua in ann a thrí oiread ábhair a dhíol ar mhargadh na Breataine.