Tá cúigear gafa ag poilíní na hIodáile agus amhras ann futhu go raibh gáinneáil ar dhaoine ar bun acu.

Gabhadh triúr ón Libia agus beirt ón Ailgéir agus gainneáil ar dhaoine curtha ina leith.

Bádh 200 imirceach i ndiaidh dá long iompú bun os cionn sa Mheánmhuir Dé Ceadaoin. 

I bPalermo na Sicile a gabhadh an cúigear.

Ceistíodh iad aréir.

Deir poilíní gur bualadh agus gur sádh imircigh le linn an aistir.

Deir na poilíní go bhfuil na fir a gabhadh idir 21 agus 24 bliain d'aois.

Tuairiscítear go mb'éigean do na himircigh idir $1,200 agus $1,800 a dhíol don turas farraige, ag braith ar cén áit ar an mbád a bheidís.

Bhí 650 duine ar bord nuair a d'iompaigh an bád béal fuithi amach ó chósta na Libia.