Bhí na mílte i láthair ag searmanais éagsúla i gcathair Hiroshima sa tSeapáin le comóradh a dhéanamh ar an gcéad bhuamáil adamhach.
Cothrom an lae inniu 70 bliain ó shin a scaoileadh an buama ón aer ar Hiroshima ag marú na mílte.
Eitleáin le fórsaí Mheiriceá a bhí freagrach as an sléacht a tharla maidin an 6ú Lúnasa 1945.
D'fhág na gníomhartha sin suas le 70,000 duine marbh ar an toirt.
Bhásaigh a oiread eile daoine arís mar gheall ar nimhiú radaíochta.
Fágadh an chathair féin loiscithe.
Rinneadh an cleas céanna le cathair Nagasaki 3 lá ina dhiaidh sin.
Chinntigh an dá eachtra seo géilleadh na Seapáine sa Dara Cogadh Domhanda.
Le linn an chomórtha inniu buaileadh cloig sa chathair, d'umhlaigh na daoine i mbun paidreoireachta, agus tionóladh nóiméad ciúinis ag 8.15 ar maidin am na Seapáine.
Ba ag an am sin go díreach a tharla an bhuamáil.
Dúirt Príomh-Aire na Seapáine gur léirigh gach a thárla i Hiroshima an tábhacht atá leis go leanfaí le dí-armáil nuíclíoch.
Tá searmanais ar fud an domhain inniú le comóradh a dhéanamh ar an ocáid.
Anseo in Éirinn tá searmanas bliantúil á reachtáil ag an bhfeachtas ar son na dí-armála núiclígh i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.