Tá imní anois ann go bhfuil na céadta inimirceach báite sa Mheánmhuir.
D'iompaigh an bád iascaireachta a raibh siad air béal fúithi amach ó chósta na Libia.
Deirtear go raibh suas le 600 duine ar bord.
Tá an LÉ Niamh ó chabhlach na hÉireann ar an láthair ag cabhrú leis na hiarrachtaí tarrthála.
Deir Garda Cósta na hIodáile gur tarrtháladh suas le 100 duine ón uisce.
Tá bád ón áisíneacht leighis Medicins Sans Frontieres agus bád ó chabhlach na hIodáile ansin freisin.
Cuireadh fios ar an LÉ Niamh roimh mheánlae, le dhul chomh fada leis an láthair, atá 110 cíliméadar siar ó thuaidh de chathair Tripoli.
Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, go bhfuil as cionn 2,000 duine báite, ar a dteitheadh ón Libia ó thús na bliana.