Gearradh téarmaí príosúnachta idir 18 mí agus 3 bliana inniu ar thriúr iar-fheidhmeannach le banc Anglo Irish.

Ciontaíodh an triúr as eolas a cheilt ar na Coimisinéirí Ioncaim.

Tiarnan O'Mahoney, Bernard Daly agus Aoife Maguire an triúr atá i gceist.

3 bliana príosúnachta a gearradh ar Tiarnan O'Mahoney, 56 bliain d'aois  as eolas bréagach a thabhairt do na Coimisinéirí, as cuntais a scriosadh amach as príomhchóras baincéireachta an bhainc, agus comhcheilg le hairgead a cheilt ar na Coimisinéirí.

2 bhliain a gearradh ar Bernard Daly, 67 bliain d'aois as eolas bréagach a sholáthar do na Coimisinéirí, taifid de chuntais bainc a scriosadh, agus comhcheilg le hairgead a cheilt ar na Coimisinéirí.

18 mí a gearradh ar Aoife Maguire, 62 bliain d'aois, as comhcheilg le cuntais a scriosadh agus comhcheilg le hairgead a cheilt ar na Coimisinéirí. 

Bhí 7 gcúis ar fad curtha i leith an triúir.

Breith d'aon ghuth a bhí i gceist i gcás na gcúiseanna uilig a bhain leis na blianta 2003 agus 2004..

Phléadáil an triúr díobh neamhchiontach sna cúiseanna seo, go raibh comhcheilg ar bun eatarthu le cuntais bainc a bhain le iarchathaoirleach bhanc Anglo, Sean Fitzpatrick a cheilt ar na Coimisinéirí Ioncaim.