Rialaigh áisíneacht staitisticí an Aontais Eorpaigh nach féidir an maoiniú stáit atá faighte ag Uisce Éireann
a bhaint as clár comhordaithe an státchiste anseo.
Deirtear go gcuirfidh an cinneadh seo ó Eurostat suas le €500m leis an bhfiacha náisiúnta.
Dúirt an tAire Airgeadais, Michael Noonan, nach ndéanfaidh a bhfuil molta ag Eurostat aon difríocht do cháinaisnéis 2016.
Dúirt sé go raibh maoiniú d'Uisce Éireann curtha sa gcomhaireamh ag an Rialtas sa mbreith ar chúrsaí eacnamaíochta a thug siad san Earrach i mbliana, ar fhaitíos na bhfaitíos.
Níor mhór d'Uisce Éireann a bheith ag fáil os cionn leath de chostas oibriúcháin an chomhlachta ó chustaiméirí, agus tuigeadh do Eurostat nach mba amhlaidh a bhí.
Dúirt urlabhraí Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil Fhianna Fáil Barry Cowen gur léir gur áiféis amach is amach a bhí in Uisce Éireann agus gur chóir deireadh a chur leis an gcomhlacht.