skip to main content

Clár raidió faoin Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh

Clár raidió le craoladh amárach faoin Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh
Clár raidió le craoladh amárach faoin Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh

Craolfar clár raidió amárach ina gcaitear súil ar Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, agus é ag foghlaim Gaeilge.

Tá bliain ann ó ceapadh Joe McHugh ina Aire Stáit Gaeltachta, in aineoinn nach raibh mórán Gaeilge aige.

Rinneadh cáineadh ar an gceapachán ag an am, agus eagraíochtaí Gaeilge ag rá gur ísliú céime a bhí ann don teanga.

In agallamh don chlár raidió, dúirt an Taoiseach Enda Kenny gur thug sé an t-ardú céime do Joe McHugh mar go raibh sé ina Theachta Dála ar feadh roinnt blianta agus go raibh sé lonnaithe i nDún na nGall, ag rá go mbeadh an dáilcheantar fágtha gan Aire mura mbeadh aireacht ag Joe McHugh.

Dúirt an Taoiseach gur údar mórtais a bhí ann do phobal na Gaeltachta agus na tíre, gur fhill Joe McHugh ar an nGaeilge.

Dúirt an Taoiseach go raibh daonra ag dul i méid in sna Gaeltachtaí, agus de bharr imirce agus cúinsí eile, nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go mbeadh tearmainn eisiacha Gaeltachta ann.

Craolfar an clár 'Documentary on One: Fine Gaeilgeoir' ar RTÉ Radio One amárach ag 1pm.

http://www.rte.ie/radio1/doconone/