Maraíodh ar a laghad 21 duine a bhí ar bhád cóisir ar an Níl ó thuaidh de Chaireo ag ceiliúradh fógra pósadh.
Tugadh 5 slán as an uisce, ach tá 6 eile ar iarraidh.
Daoine muinteartha agus cairde leis an lánúin óg a bhí ar bord.
Ní léir an bhfuil an lánúin tagtha slán.
Tá beirt ghasúr i measc na marbh.

Tá captaen an bhád lastais agus an leas-chaptaen gafa ag póilíní.
Tarlaíonn timpistí go rialta ar an Níl.
Báthadh 1,000 duine nuair a chuaigh bád farrantóireachta go grinneall in 2006.