Bhí sé i gceist ón tús ag dílseoirí a rinne ionsaí aréir ar phóilíní a ghabháil ag réabadh a deir cumann ionadaíoch na bpóilíní ó thuaidh.

Gortaíodh 20 oifigeach de chuid an PSNI, beirt acu go dona, sa gcíréib a tharraing dílseoirí i nGleann na Coille in aice le ceantar náisiúnach Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste.

“Gan chiall, náireach, uafásach” an cur síos a bhí ag Cónaidhm na bPóilíní ar an achrann.

Cuireadh 12 greim in oifigeach amháin, ar baineadh greim fiacal as.

Caitheadh brící, buidéil, dréimirí miotail, boltaí agus blocanna le póilíní gar de na ballaí a scarann an dá phobal, nuair a diúltaíodh cead do Pharáid Oráisteach tabhairt faoi mhórshiúl go hArd Eoin.