Dúirt Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Donald Tusk gur tháinig cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh ar shocrú d'aon ghuth faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpach (ESM) don nGréig atá réidh le cur i bhfeidhm agus a chuimsíonn leasuithe airgeadais agus cúnamh airgeadaíochta.

Bhí Tusk ag déanamh tagairt don 3ú clár téarnaimh atá á lorg ag an nGréig ó 2010. D'eascair an socrú idir cheannairí limistéir an euro i ndiaidh cruinniú mullaigh a mhair 17 uaire an chloig. 

Tá sé fógraithe go bhfuil téacs den margadh aontaithe idir Angela Merkel, Francois Hollande, Alexis Tsipras agus cathaoirleach na gcainteanna Donald Tusk. Pléifear na moltaí ina n-iomláine ag cruinniú iomlánach na gceannairí. 

Dúirt Aire Saothair na Gréige, Panos Skourletis go bhfuil ceist anois faoi mhóramh rialtais na Gréige agus nach bhféadfaí locht a fháil ar pholaiteoirí na Greige nach mbeadh in ann glacadh leis an margadh molta seo. Dúirt sé nach socrú inmharthana a bhí ann, agus go mbeadh olltoghchán sa tír ina thoradh air.