Tá an t-aisteoir cáiliúil ón Éigipt, Omar Sharif tar éis bháis. 

Bhí sé 83 bliain d'aois. 

Bhí Sharif le feiceáil sna scannáin mhóra Lawrence of Arabia agus Doctor Zhivago. 

I measc na scannán eile dá chuid, bhí Funny Girl, The Pink Panther Strikes Again agus Mayerling.

Ainmníodh é i gcóir gradam Academy agus bhuaigh sé trí ghradam Golden Globe.

Bhí an galar Alzheimer air le déanaí.

Dúirt urlabhraí ar a shon inniu gur bhuail taom croí é tráthnóna san Ospidéal i Cairo.