Bhí searmanais agus seirbhísí éagsúla ar siúl i Londain inniu i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sna buamálacha a tharla sa chathair cothrom an lae inniu deich mbliana ó shin.

Maraíodh 52 duine sna hionsaithe nuair a phléasc ceathrar fear buamaí ar thraenacha faoi thalamh agus ar bhus in áiteanna éagsúla i lár Londain. Gortaíodh thart ar 700 eile sna hionsaithe. 

Leag Príomh-Aire na Breataine David Cameron agus Méara Londain Boris Johnson bláthfhleasc i bPáirc Hyde i gcuimhne na marbh. Bhí nóiméad tosta ann freisin. 

Bhí daoine a gortaíodh sna hionsaithe, chomh maith le gaolta agus muintir na ndaoine a maraíodh, i láthair ag seirbhís náisiúnta in Ardeaglais Naomh Pól ar maidin.

Is ar son al-Qaeda a rinne an ceathrar fear an t-ionsaí. B'in iad Shehzad Tanweer, 22 bliain d'aois, Mohammed Sidique Khan, 30 bliain, Hasib Hussain, 18 bliain agus Jermaine Lindsay, 19 bliain.